Samhain

Samhain

Le titim na hoíche
siosarnach fríd ghéaga na gcrann –
slua sí ar an tslí.

Ga glébhuí gealaí
ag damhsa ar an choinleach –
aisling gheal chugam.

Crainn chaorthainn faoi bhláth
rúndiamhair ina dtimpeall –
paidir ag gach crann.

Oíche na marbh
siansa préachán os mo chionn –
grágaíl ar an ghaoth.

Cruthanna ársa
na dTuatha Dé Danann
ar dhrúcht na maidne.

© Máire Dinny Wren

Share:

More Posts

Send Us A Message