Saol agus Saoirse na mBan in Éirinn agus Thar Lear

Labhrann Katie McGreal faoi thaithí Bee Ní Choitir, gníomhaire ar son na mban

Is as Inis i gContae an Chláir do Bee Ní Choitir. Bhí cónaí uirthi in áiteanna éagsúla i gCeanada ar feadh dhá bhliain agus bhí sí i ndeisceart na Fraince, sa chathair Montpellier ar feadh dhá bliain go leith. Is feimineach go smior í agus bíonn sí ag troid ar son chearta na mban leis an gcoiste feimineach san eagraíocht Misneach. San alt seo déanann sí cur síos ar a taithí atá aici mar bhean óg ag maireachtáil sa trí thír éagsúla.
Mhothaigh Bee sábhálta nuair a bhí sí ag siúl ar an tsráid léi féin in Éirinn agus i gCeanada ach ní shin mar a bhí sé sa Fhrainc di.
“Rinneadh i bhfad níos mó faírigh fúm agus mé sa Fhrainc,” a deir sí. “In Éirinn tá craic nó magadh ag baint leis an méid a bhíodh siad ag rá ach sa Fhrainc bhí bagairt leis.” Bhí trí nó ceithre am sa Fhrainc nuair a lean fir í ar an tsráid agus faoi dhó bhí bagairt ionsaithe agus foréigin ann. “Bhí mise sa deisceart agus dúradh liom gur sin mar go bhfuil an ceantar sin go holc. Tá sé níos coimeádaí ansin agus tá níos lú measa acu ar mhná i gcomparáid le háiteanna eile sa Fhrainc. Go ginearálta, shíl mé go raibh muintir na Fraince an-choimeádach. Tá na rólanna traidisiúnta ann do mhná agus fir agus cloíonn siad leo go fóill.”
I gCeanada, deir Bee go raibh an faíreach a rinneadh fúithi níos measa in Montréal atá sa chúige Francach, Quebec. Ghlaoigh cúpla duine rudaí uirthi agus í ag siúl sna sráideanna in Montréal agus nuair a rinne sí neamhaird orthu thug siad ‘stupid French bitch’ uirthi agus d’imigh siad leo. Ní raibh faitíos uirthi go ndéanfadh siad ionsaí uirthi.
Nuair a bhíonn páistí ag bean sa Fhrainc íocann an rialtas €1,000 chuici láithreach. Muna bhfuil bean ag iarraidh dul ar ais ag obair i ndiaidh páiste a bheith aici glactar leis níos mó sa Fhrainc ná i gCeanada ná in Éirinn. Ní bhíonn brú uirthi filleadh agus má fhilleann sí is gnáthrud é má tá sí ag iarraidh níos lú uaireanta a dhéanamh. Tá feighlí agus cúram leanaí an-chostasach in Éirinn ach níl sa Fhrainc.
I ndiaidh breithe nuair atá tú sa Fhrainc bíonn níos mó béime curtha ar shláinte na máthar ná a chuirtear i gCeanada ná in Éirinn. Sa Fhrainc faigheann an bhean cúpla seisiún fisiteiripe, ar mhaithe lena sláinte féin.
Tá sé in aghaidh an dlí anois sa Fhrainc d’aghaidh a chlúdach le niceab nó burca. Deir Bee nach maith leis na Francaigh siombalachas reiligiún a bheith le feiceáil go poiblí, ach amháin siombalachas den Chríostaíocht. Tháinig riail isteach sa Fhrainc cúpla bliain ó shin go bhfuil sé in aghaidh an dlí aon rud a chlúdaíonn d’aghaidh a chaitheamh, ach amháin anois le Covid caithfidh tú masc máinliachta a chaitheamh agus tú taobh amuigh de do theach féin. An rud atá i gceist leis an riail seo ná nach bhfuil cead ag mná Moslamacha niceab nó burca a chaitheamh amuigh go poiblí. Níl a leithéid de dhlí nó riail in Éirinn ná i gCeanada. Tarlaíonn ciníochas dar ndóigh ach níl dlí i gceist nó i gcoinne a leithéid d’éadach na mban.
Nuair a bhí Bee i gCeanada chonaic sí go leor ban i bpoist nach bhfaca sí in Éirinn nó sa Fhrainc. Chonaic sí neart ban ag obair ar na bóithre nó ag déanamh obair thógála agus shíl sí gur iontach an rud é; poist a bhí go traidisiúnta d’fhir á ndéanamh ag mná, ach ní raibh an dearcadh céanna ag muintir Cheanada.
“Dúradh liom gur sin na poist is measa atá ann agus léirigh sé do mo chairde nach raibh na mná sin in ann post eile a fháil agus sin an t-aon obair a bhí ar fáil dóibh. Níor chreid siad gur rud maith é.”

Share:

More Posts

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Paidrín an Bhróin

paidrín an bhróin paidrín na lúcháire paidrín foighneach níos líonmhaire ná réaltaí . . . clocha paidrín im’ lámh       Is é atá

Send Us A Message