Cuireann Ciara Nig Uidhir, múinteoir óg, síos ar a tuairaimí faoin reiligiún sa lá atá inniu ann
Cén bhaint atá ag an reiligiún le saol an lae inniu? Is soiléir go bhfuil athrú meoin i leith reiligiúin imeasc aos óg na tíre seo i láthair na huaire. Tá alán cúiseanna leis seo; ina measc tá mór-athruithe i ngnásanna sóisialta, tionchar na meáin cumarsáide, luas an tsaoil, daoine óga a bheith ghafa i mór-chuid gnóthaí eile seachas reiligiún. Chomh maith leis sin tá cuid de na sean-nósanna a chleacht a sinsir tréighte ag an aos óg agus tá na daoine a chleacht iad ag imeacht ar shlí na fírinne. Dá thoradh sin tá athrú meoin le braith i ngach gné de shaol na linne seo, reiligiún san áireamh. Is minic nach gcuirtear fáilte roimh athruithe. Ach ní droch-rud amach is amach iad má chuireann siad ag machnamh sinn agus ag ceistiú.
Cad is bunús don reiligiún? Eascraíonn sé as nádúr an duine daonna. Ó thús ama bhí daoine ag iarraidh ciall a bhaint as a saol, ag machnamh agus ag ceistiú an fáth go raibh siad ar an saol. Is as an machnamh agus as an gceistiú sin a d’eascair na mór-reiligiúin domhanda; córais a chur ar chumas dhaoine nascanna a fhorbairt a chabhraigh leo ciall a bhaint as a saol. Is as an nasc sin a thagann an focal reiligiún (religio sa laidin, a chiallaíonn ‘ceangal’) Cothaíonn an nasc sin gaolmhaireacht, croílár an reiligiún. Ó thaithí a saoil thuig siad go raibh a gcumas féin teoranta, go raibh gá le gaolmhaireacht a chothú i neach éigin níos cumhachtaí ná iad féin agus le daoine eile chun saol daonna a chaitheamh.
Bíonn gá le structúr i ngach gné den saol, reiligiún san áireamh, chun luachanna tábhachta a chosaint. Creideamh i nDia, in Íosa Críost agus na luachanna a chleacht agus a mhúin Íosa, sin croílár na Críostaíochta agus is chun na luachanna sin a chosaint agus a fhorbairt a bhunaigh Críost an Eaglais Chríostaí. Le himeacht aimsire eascraíonn mí-thuiscint. Cuirtear an bhéim ar an structúr agus déantar neamh-shuim den ghaolmhaireacht. Glacann daoine eile scannal ó mhí-iompar roinnt de na baill agus cailleann siad muinín san Eaglais agus a gcreideamh i gCríost. Ní foláir filleadh ar chroílár na Críostaíochta, creideamh agus gaolmhaireacht chun an mí-thuiscint sin a cheartú.
Mar chaitliceach agus mar mhúinteoir óg tá ardmheas agam ar chreideamh gach éinne. I ngach uile reiligiún tá maitheas agus grá, is rud uilechoiteann é sin. Fiú muna bhfuil creideamh ar bith ag duine, creidim féin go mbíonn maitheas agus grá iontu pé scéal é. Bíonn meas ag gach éinne ar an taobh moráltachta de bhriathar Dé, fiú muna bhfuil aon chreideamh acu. Léirítear dom go bhfuil meas acu ar dhaoine eile agus ar chad is ceart agus is cóir agus freisin léiríonn siad dom go bhfuil grá mór acu do daoine ina saol. Nach é sin an t-aon rud a lorgaíonn Dia uainn?
Seo an tuiscint atá agam féin maidir le ‘Dia’. Measaim féin gur fuinneamh ollmhór é Dia, fuinneamh atá lán den ghrá agus de gach maitheas. Sin é an fáth go mbíonn sé mar sprioc ag gach uile reiligiún ar domhan go mbeadh gach éinne ag léiriú grá dá chéile. Sa tslí sin bheadh ‘Dia’ beo inár shaol, agus in ár gcroí agus ar domhan.
An rud is mó a mhúinim do mo dhaltaí ná- muna gcreideann tú in aon rud, creid ionat féin agus léirigh maitheas i do shaol. Bíodh grá ionat agus lig don ghrá sin tú a threorú.
Tá sé riachtanach ligean do dhaoine a gcinneadh féin a dhéanamh faoin gcreideamh, agus tuiscint a chothú go bhfuil an sprioc céanna againn go léir- na daoine a creideann agus na daoine nach gcreideann. Táimid go léir cruthaithe leis an bhfuinneamh céanna atá i nDia – GRÁ.
Intinn Shoiscéalaíoch an Phápa do mhí Bealtaine, 2022:
Go bhfeice daoine óga i mbeatha Mhuire an dóigh le héisteacht, doimhneacht na tuisceana, an misneach a ghineann creideamh, agus dúthracht don tseirbhís.