Óráid ó Sheoladh Sagairt Chróga Fhearna leis an Ath. Séamas de Vál

An tAth. de Vál ag seoladh Sagairt Chróga Fhearna san Athenaeum, Inis Córthaidh ar an 23 Bealtaine 2019.

Brian Ó Cléirigh

Chuir mé aithne ar an Athair Séamas den chéad uair sa bhliain 1955. Bhí mé dhá bhlian déag agus bhí seisean ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Naomh Peadar. ‘An tAthair’ a thugaimis air i gcónaí – toisc gur labhair sé Gaeilge linn sa rang an t-am ar fad. Ní dócha gur scoláire ró-mhaith mé. Dar leis an Athair ba bheag a bhí idir mé féin agus cladhaire díomhaoin!

I 1955 bhí an droichead nua trasna na Sláine á thógáil. An lá ar fad chloisfeá buillí na gcasúr mór gaile ag tiomáint chosa an droichid i dtalamh. An Fómhar sin freisin – bhí na Gealáin Thuaidh (Northern Lights) ag damhsa sa spéir gach oíche ar feadh míosa. Bhíomar imithe chomh mór sin i dtaithí orthu gur ar éigin a chuir muid suim ar bith iontu sa deireadh. Réalta de shórt eile an tráth sin ba ea iománaithe Loch Garman a bhí tar éis buachaint ar Ghaillimh sa chluiche ceannais. Bhí an tAthair Aodh Ó Broin, ina Uachtarán ar an gColáiste

Um Nollaig na bliana sin, i rang deireanach an téarma, thug an t-Athair rang saor dúinn. Bhí an-fhiosracht orainn faoin gcás mór a thug sé isteach sa rang leis. Ba ghearr gur nochtaigh sé an chéad téip-thaifeadán dá bhfaca muid riamh. Chuir sé sa tsiúl é agus thaifead sé glór gach duine sa rang agus ar ndóigh bhí idir iontas agus gliondar orainn go léir faoinár nglórtha taifeadta féin. B’shin an tAthair duit – thapaigh sé gach deis a leathnódh intinní na mac léinn nó a dhúiseodh a gcuid fiosrachta . Oideachasóir ón nádúr a bhí ann. Chaith se go han-mhaith linn i gcónaí agus spreag sé muid ar chuile bhealach a d’fhéadfadh sé.

Ba léir dúinn uilig ag an am céanna, gurbh í a shagartacht féin an chloch ba mhó ar a pháidrín agus go bhfaca sé a chuid oibre mar chuid dá aistear spioradálta. Mhúin sé dúinn trína dhúthract féin cad ba bhrí le mana ársa na manach i Ré Órga na hÉireann – Laborare est Orare. Chleacht sé féin é os ár gcomhair amach – an briathar beo i mbun gnímh. Togra ar bith a thiocfadh faoina láimh bheadh sé déanta go críochnúil aige Ad Maiorem Déi Gloriam agus chuir sé d’fhiacail orainn túslitreacha an rá sin a chur ar bharr gach leathanaigh inár gcóipleabhra – AMDG.

Níl aon bhealach gur féidir cur síos leordhóthaineach a dhéanamh ar an tseirbhís atá tugtha dúinn go léir ag an Athair, ar Canónach anois é, ar ndóigh. Taobh amuigh dár chuir sé i leabhra, tá altanna as cuimse foilsithe aige i bhfoilseacháin scolártha de leithéid Studies nó Irisleabhar Mhágh Nuad, sa nuachtán Inniu, nó in irisleabhar Chumann Uí Chinsealaigh – The Past – ar a raibh sé féin ina eagarthóir ar feadh na mblianta. Is Uachtarán Chumann Uí Chinsealaigh anois é.

Tá saineolaíocht thar na bearta aige ar an nGaeilge agus é fial lena roinnt ar fhoghlaimeoirí.

Ba eisean ba shiocair le bunú Chlárlann na Deoise. Bhí an-staidéir déanta aige ar a cuid staire agus mar sin cé ab bfhearr a gcuirfí i bhfeidhil air ná an taighdeoir agus staraí díograiseach ba shiocair lena bhunú sa chéad áit.

Tháinig an chéad leabhar aige – Bun Clóidí: A History of the District – amach i 1966. Stair cuimsitheach an cheantair ar a
n-airítear scéal na hagóide agus na maruithe a tharla ann in 1831 maidir leis na deachúna. Gné suimiúil den leabhar ab ea úsáid na logainmneacha Gaelacha lena thaispeáint dúinn a ghiorracht is a bhíomar fós don Ghaeilge ar go leor bealaí.

Bhí Léigiún Mhuire gar dá chrói i gcónaí agus is é a spreag an chuid is mó dá shaothar beathaisnéiseach. Siar sna caogaidí bhí fo-eagraíocht lán-Ghaelach sa Leigiún a dtugtaí An Réalt air. Eagraíocht oideachasúil do chailíní agus buachaillí os cionn sé bliana déag a bhí ann agus bhí craobh an-ghníomhach den Realt á reachtáil ag an Athair i mbaile Loch Garman. Orthu siúd a d’fhreastail ar na cruinnithe gach seachtain bhí Séamus Mac Mathúna atá linn anseo anocht .

D’Inis Séamus dom faoin gcaoi ar chuir An Réalt siamsaíocht agus oideachas ar fáil dá ghlún seisean agus a thaitneamhaí is a bhí na cruinnithe. Luann sé go háirithe na léachtanna iomadúla a thugadh an tAthair dóibh agus leithead an réimse ábhar a bhíodh idir chamáin aige.

Théidís ar thuras uair sa bhliain. Chaith Séamus saoire amháin ar Oileán Árainn ar turas a d’eagraigh an tAthair de Vál agus bhí Tomás Ó Fiaigh lonnaithe i dteach in aice láimhe le cur leis an scléip.
Anois tá scéal na heagraíochta náisiúnta seo, nach ann di a thuilleadh, curtha ar fáil ag an Athair i leabhar breá dar teideal An Réalt: A Aidhmeanna agus a Thionchar – (2010)

Share:

More Posts

EPITAIF

An tAthair Pádraig Standún Ní dóigh liom go raibh an focal “epitaif” (feartlaoi) cloiste ag mórán daoine sa tír seo i nGaeilge nó i mBéarla

An Gairdín siúd thall

Dónall Ó Cnáimhsí Tá an gairdín sin thall ag dó na geirbe agam le beagnach cúig bliana déag. Gairdín atá in aice an tí seo

Foréigean Baile

Helen Ó Murchú Ach in ainneoin dea-scéalta cabhrach, tharla iarmhairt choiteann eile chomh maith, go háirithe sna tíortha forbartha, go háirithe sna tíortha a raibh

Send Us A Message