Léirmheas ar an bhFoclóir nua Béarla-Gaeilge

Mícheál Mac Craith

Bhí mé sa chéad bhliain ar an meánscoil nuair a tháinig Foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe amach sa bhliain 1959. Bhí mé díreach tar éis tosnú ar bheith ag múineadh san ollscoil nuair a tháinig Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill amach sa bhliain 1977. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chuala mé Máirtín Ó Direáin ag rá go gcoinníodh sé Foclóir Gaeilge-Béarla an Duinnínigh le hais na leapan aige agus go ndeachaigh sé tríd ó thús deireadh ar thóir leaganacha a riarfadh ar chás na héigse. Mar a scríobh sé sa réamhrá iomráiteach a chuir sé le Ó Morna agus Dánta Eile: “Is dual don fhile focla a chur ag rince os ár gcomhair. Tá focla go leor a bhfuil meirg is deannach an díomhaointis orthu nár cuireadh as na cúinní fós, agus nár mhiste a gcur ionas go mba lóchrann aitis inár bhfianais iad. Tá rún agamsa roinnt a chur as na cúinní ach Dia tuilleadh saoil agus cumais a thabhairt dom chuige.”

Is mar stórchiste le creachadh d’fhonn chríoch na filíochta a bhreathnaigh an Direánach ar an teanga agus ar fhoclóir an Duinnínigh go háirithe, ach dá fheabhas é an dearcadh sin, ní chuireann sé acmhainn fhéinghiniúna na teanga san áireamh. Nuair a bhí sé de phribhléid agam bheith i mo bhall den Choiste Téarmaíochta ar feadh deich mbliana, tugadh deis dom tuiscint chuimsitheach a fháil ar cén chaoi a bhfuil an Ghaeilge ar nós gach aon teanga eile ag cur lena stórchiste foclóireachta i gcónaí. D’fhoghlaim mé gur den dianriachtanas an teanga a aclú agus a chur in oiriúint do na coincheapa nua a eascraíonn as toscaí mearmhalartacha na sochaí comhaimseartha. Ba mhór an onóir é bheith in ann éisteacht le gaois, saineolas agus taithí na saoithe san éarnáil seo, saineolaithe mar Éamon Ó hÓgáin, Donla uí Bhraonáin, Fidelma Ní Ghallchobhair, Pádraig Ó Mianáin, le gan ach dornán a lua. Ní hiontas ar bith é dá bhrí sin, gurbh fhada liom go bhfeicfinn an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar an bhfód, togra atá á bheartú ón mbliain 2003 i leith. Caithfidh mé a admháil, áfach, gur baineadh siar asam le deireanas nuair a dúirt múinteoir óg liom atá thar a bheith tiomanta don Ghaeilge, nach raibh ann ar deireadh ach baoth-thogra (vanity-project: Ó Mianáin) toisc nach nós le daoine óga feasta foclóirí crua a úsáid ná a cheannach ach gur fearr leo leas a bhaint as leaganacha ar líne. Bainim féin earraíocht as an dá chineál agus siúd is go bhfuil sé i bhfad níos sciobtha agus i bhfad níos éasca foclóir a cheadú ar líne ná imleabhar trom a tharraingt anuas ón tseilf, d’ainneoin na mbuntáistí follasacha sin, ní mór dom a rá gur fearr liom an leagan crua a bheith im aice i gcónaí.

48,000 iontráil ar fad móide 145,000 brí a tiomsaíodh don leagan ar líne, rud a d’éileodh dhá imleabhar clóite agus suas le 4,500 leathanach chun an t-ábhar sin go léir a chlúdach. Bhainfeadh sé sin go mór d’inúsáideacht an fhoclóra agus chuirfeadh sé go mór leis an gcostas. Beartaíodh ar deireadh saothar aon imleabhair amháin a réiteach ina mbeadh níos lú ná dhá mhíle leathanach. Sin é an leabhar a foilsíodh le deireanas ina bhfuil 31,000 iontráil ar fad.

Buntáiste mór atá ag an saothar nua ar a réamhtheachtaithe is ea an cló méadaithe agus an leas a bhaintear as dhá dhath chun idirdhealú a dhéanamh idir brí shimplí bhunúsach an fhocail (dubh) agus leaganacha ina mbaintear usáid mheafarach as (gorm). Ina theannta sin tá roinnt aguisíní spéisiúla ar deireadh a mhíníonn an cur chuige a ghabh foireann an fhoclóra chucu féin. Díol spéise nach leasc leo imeacht ón gcaighdeán oifigiúil nua (2017) uair nó dhó go háirithe maidir le húsáid nó neamhúsáid an tséimhithe. Sampla suntasach eile is ea an cinneadh gan infhilleadh a chur ar ainmfhocal a dtagann aidiacht shealbhach roimhe agus atá cáilithe ag aidiacht nó ainmfhocal sa tuiseal ghinideach, m.sh., ag scríobh a dhialann taistil, seomra a máthair chéile. Ag an deireadh ar fad tugtar achoimre i bhfoirm táblaí ar ghramadach na teanga.

Ós rud é gur foilseachán spioradálta é An Timire, mheas mé go mbeadh spéis ar leith ag na léitheoirí i bhfoclóir reiligiúnda na teanga san fhoclóir nua. I dtús báire scriorr mé trí roinnt leathanach go tapaidh agus thug mé faoi deara nach raibh iontráil ar fáil do na ceannfhocail seo a leanas ag Ó Mianáin: alb, amice, anchorite, antiphon, antiphonary, baptistry, beatify, beatitude, breviary, calumny, casuistry, catechist, catechumen, ciborium, contrition, cope, cruet, decalogue, host, investiture, lectionary, missal, monstrance, paten, pyx, sabbath, stations of the cross, thurible, thurifier. Caithfidh mé a admháil gur chuir sé seo idir iontas agus alltacht orm. Ansin rinne mé tuilleadh cuardaithe agus fuair mé amach go bhfuil gach aon cheann de na focail seo le fáil ag de Bhaldraithe. Dála an scéil tá an focal acolyte le fáil ag de Bhaldraithe agus Ó Mianáin araon; friothálaí aifrinn atá ag de Bhaldraithe siúd is gur leantóir, film stars and their acolytes atá ag Ó Mianáin, gan aon aird ar an mbunbhrí aige. Ag an bpointe seo bheartaigh mé comórtas níos cuimsithí agus níos córasaí a thionscaint agus nuair a bhí deireadh déanta agam bhí suas le 200 ceannfhocal reiligiúnda ag de Bhaldraithe nach bhfuil fáil orthu ag Ó Mianáin. D’fhéadfadh lucht mo cháinte a mhaíomh go bhfuil formhór na bhfocal seo le fáil sa leagan ar líne ach is mór ar fad an t-easnamh iad ar an leagan clóite. Cuimhnímis nach bhfuil mé ag caint anseo ar bhéarlagar teicniúil na diagachta ar nós anamnesis, apotheosis, epiclesis, hylemorphism, hypostatic union agus theophany ach ar fhocail a bhaineann go dlúth leis an gcultúr agus leis an stair chomh maith le cleachtadh an chreidimh Chríostaí. Ardaíonn sé seo ceist faoi phróiseas roghnaithe na gceannfhocal. An de thaisme nó d’aon ughaim ar fágadh ar lár iad? Agus sin gan an léacsacan nua a tháinig chun cinn tar éis Dara Comhairle na Vatacáine a chur san áireamh, idir de Bhaldraithe (1959) agus Ó Dónaill (1977) déanta na fírinne.

Ach b’fhéidir nár mhiste eiseamláir bheo a phromhadh seachas focail loma gan chomhthéacs. Bhí an-tóir go deo ar Laudato Sì, imlitir an Phápa Proinsias ar chaomhnú na timpeallachta, í á léamh go cíocrach ag creidmhigh agus neamhchreidmhigh araon a thúisce a tháinig sí amach sa bhliain 2015. Seachnaíonn an Pápa Proinsias urlabhra theibí an oiread agus is féidir ar mhaithe leis an gcumarsáid ach ní raibh dul as an teibíocht agus an tsainteanga ó am go chéile san imlitir seo. Agus truailliú na timpeallachta idir chamána aige, ní fhéadfadh sé téarmaí mar ecosystem, biodegradable, biodiversity a sheachaint. Tá éiceachóras ag Ó Domhnaill agus ag Ó Mianáin araon ach is ag Ó Mianáin amháin atá in-bhithmhillte agus bithéagsúlacht. Téarma eile is ea anthropocentric/ism, focal nach bhfuil ag ceachtar den dá fhoclóir Gaeilge, siúd is gur daonlárach/as atá ag Pádraig Ó Fiannachta nach maireann, san aistriúchán breá tíriúil a rinne sé ar Laudato Sì. Cuireann an pápa béim mhór ar an athrú meoin is gá chun caitheamh i gceart leis an domhan mar ‘ár mbaile coiteann,’ conversion, conversione. Iompú agus tiontú atá ag Ó Mianáin ach ní bhaineann siad seo ach le hathrú ó reiligiún amháin go reiligiún eile. Athrú meoin Uí Fhiannachta is fearr a thugann an bhrí atá i gceist le conversio/metanoia sa chiall bhíobalta, athrú aigne atá ag Breandán Ó Doibhlin agus Annraoi Mac Giolla Chomhaill sa ghluais a chuir siad leis an aistriúchán a rinne siad ar Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (2001).

Ó thús deireadh na himlitre cuireann an pápa tréanbhéim ar contemplation agus ar contemplative life style. Machnamh, smaoineamh, marana, machnamhach, smaointeach, atá ag Ó Mianáin. Tugann de Bhaldraithe rinnfheitheamh i dteannta na bhfocal seo agus is é is fearr a fheileann comhthéacs Laudato Sì, focal a bhfuil saintoise reiligiúnda ag baint leis. Is é seo atá ag Ó Fiannachta tríd síos agus molann Breandán Ó Doibhlin agus Annraoi Mac Giolla Chomhaill an leagan céanna in Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí.

Subsidiarity, sin focal eile a usáidtear san imlitir, ceann de dhordfhocail (buzzword: Ó Mianáin) Vatacáin II. Coimhdeacht atá ag Ó Mianáin, rud nach dtagann leis an sainmhíniú gur prionsabal é a éilíonn nár chóir do chumann rudaí a dhéanamh atá ar chumas an duine aonair. Fochúnamh atá ag Ó Fiannachta ach is dóigh liom gurb é is feiliúnaí ar fad an leagan tánaisteacht a thugann Ó Doibhlin agus Mac Giolla Chomhaill.

Demythologize an sampla deireanach atá roghnaithe agam ó Laudato Sì agus níl fáil air in de Bhaldraithe ná in Ó Dónaill. Ar an lámh eile úsáideann Ó Fiannachta agus Ó Doibhlin/Mac Giolla Chomhaill araon an téarma dímhiotasú.

Dá dhromhchlaí féin é, tugann an t-iniúchadh seo ar fhoclóir Laudato Sì le fios go bhfuil foclóir Uí Mhianáin ar thús cadhnaíochta maidir le saintéarmaí eolaíochta ach nach bhfuil sé baileach chomh maith sin nuair is gá beachtaíocht na diagachta a shainiú.

Is sladmhargadh den scoth é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, gan air ach €30. Ba bhreá liom dá bhféadfainn a rá gan drogall dá laghad go bhfuil gaisce déanta ag Pádraig Ó Mianáin agus a fhoireann cúntoírí. Ar go leor leor bealaí tá ardmholadh ag dul dóibh, ach mar chreidmheach, mar Phroinsiasach agus mar shagart is údar díomá agus buartha dom an bealach ar caitheadh le teanga an chreidmh sa togra uaillmhianach seo.

Ó Mianáin, Pádraig (príomheagarthóir), Concise English-Irish Dictionary Foclóir Béarla-Gaeilge (Foras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, 2020), 1776 lch. €30.

 

Share:

More Posts

An Gairdín siúd thall

Dónall Ó Cnáimhsí Tá an gairdín sin thall ag dó na geirbe agam le beagnach cúig bliana déag. Gairdín atá in aice an tí seo

Foréigean Baile

Helen Ó Murchú Ach in ainneoin dea-scéalta cabhrach, tharla iarmhairt choiteann eile chomh maith, go háirithe sna tíortha forbartha, go háirithe sna tíortha a raibh

Gaol le hÍosa

Pádraig Ó Cairbre SJ Ní haon rud nua é an t-achrann imeasc Críostaithe, faraoir. Ag breathnú siar sa stair, feicimid cé chomh minic is a

Happy kid looking at the sky

Aire don Chruthaíocht

An Br. Eamon Mac Lochlainn Breis agus ceathracha bliain ó shin shiúil Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an nGealach don chéad uair. Le linn

Send Us A Message