Gradam Foilsitheoireachta 2019 – ‘KOSTKA’ ainmnithe!

Gradam Foilsitheoireachta 2019

Gradam de Bhaldraithe do leabhair aistrithe

‘Is iad ár mianta a deir cé sinne.’ (San Stanislaw Kostka SJ)

Tá ‘Kostka’ ar ghearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe i mbliana. Seo é an gradam do leabhair aistrithe agus an céad bliain dó ann. Bronnfar na gradaim go léir Dé Máirt seo chugainn, 1 Deireadh Fómhair sa Seomra Darach i dTeach an Ardmhéara, BÁC ag tosú ag 5.30 le fáiltiú fíona.

Is úrscéal grafach Polainnis é ‘Kostka’, scríofa agsu deartha ag Przemyslaw (Przemek) Wysoglad SJ. Bhí Przemek ag múineadh i gColáiste an Chorráin, Meánscoil Cuimsitheach na n-Íosánach i Luimneach nuair a bhuail mé leis cúpla bliain ó shin agus thaispeáin sé ‘Kostka’ dom. Ar mo bhealach go Cúil Aodha is Baile Mhúirne leis an Timire a bhí mé, is stop mé thar oíche i dteach na nÍosánach, i Luimneach. Cé nach bhfuil oiread is focal Polainnise agam bhí mé an tógtha len a bhfaca mé, agus chinn mé go bhfoilseodh FÁS i nGaeilge é dá bhféadfaí.

Tá an t-asitriúcháin déanta go proifisiúnta ag Mark Ó Fionnáin, atá ag múineadh le blianta in aonad na Ceiltise san Institute of English Studies in Ollscoil Chaitliceach Eoin Pól 2 i Lublin na Polainne. Faraoir, ní bheidh Mark ná Przemek linn ar an óiche, i ngeall ar chursaí oibre sa Pholainn. Tá an bhród orainn go bhfuil an leabhar álainn seo ainmnithe ar ghearrliosta de Bhaldraithe i mbliana, an chéad bliain don ghradam a bheith bronnta.

Déanaimid comhghairdeas le Mark agus le Przemek as an leabhar álainn atá curtha ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá buíochas ó chroí freisin ag dul do Fhionnuala Mac Aodha a rinne an oiread sin oibre le Mark agus le Przemek chun an leabhar a réiteach is a chur in eagair.

Share:

More Posts

An Gairdín siúd thall

Dónall Ó Cnáimhsí Tá an gairdín sin thall ag dó na geirbe agam le beagnach cúig bliana déag. Gairdín atá in aice an tí seo

Foréigean Baile

Helen Ó Murchú Ach in ainneoin dea-scéalta cabhrach, tharla iarmhairt choiteann eile chomh maith, go háirithe sna tíortha forbartha, go háirithe sna tíortha a raibh

Gaol le hÍosa

Pádraig Ó Cairbre SJ Ní haon rud nua é an t-achrann imeasc Críostaithe, faraoir. Ag breathnú siar sa stair, feicimid cé chomh minic is a

Send Us A Message