Gaol le hÍosa

Pádraig Ó Cairbre SJ

Ní haon rud nua é an t-achrann imeasc Críostaithe, faraoir. Ag breathnú siar sa stair, feicimid cé chomh minic is a d’éirigh achrann idir na fíréin, le toradh tubaisteach ar ócáidí áirithe – go suntasach san aonú aois déag agus sa séú aois déag. Fiú ag tús ré na Críostaíochta, is léir go raibh easaontas imeasc na ndaoine ó am go chéile. Cuimhnigh ar Naomh Pól, mar shampla. Agus é ag scríobh chuig na Coraintigh timpeall na bliana 50AD, cuireann sé in iúl dá léitheoirí an díomá atá air mar gheall ar an easaontas atá tar éis briseadh amach ina measc. De réir mar a chloiseann sé, tá an comhluadar tar éis a bhriseadh ina dhá leath, cuid de na daoine ag taobhú le Pól, agus cuid eile acu ag tacú le cinnire eile, Apallós. Tá an tAspal an-mhíshásta leis an scoilt seo imeasc na ndaoine: ‘Céard é Apallós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhíisigh trínar chreid sibh … Mise a chuir an síol, Apallós a chuir an t-uisce leis, ach is é Dia a chuir an síol. Ní hiad an síoladóir, mar sin, nó an t-uiscitheoir ar fiú iad aon ní, ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás’ (1 Cor. 3:5). Ní mór dóibh, adeir Pól, a n-aird a dhíriú ar Dhia amháin.

Ní drochrud é an t-easaontas ann féin, ar ndóigh. A mhalairt ar fad. Cuidíonn tuairimí éagsúla linn ár dtuiscint ar an duine agus ar an saol a fhorbairt, agus is mar sin a bhí sé i gcónaí. Is trí dhíospóireacht agus malartú smaointe gur éirigh linn dul chun cinn mór a dhéanamh i gcúrsaí leighis agus eolaíochta. mar shampla. I gcúsaí creidimh freisin, is trí phlê agus argóint thar na céadta gur fhás ár dtuiscint ar shoiscéal Chríost agus ar a n-éilíonn sê orainn inár mbeatha. Ba bhoichte an saol seo agus an cine daonna mura mbeadh plé, argóint agus díospóireacht beo beathaíoch inár measc. Is trína leithéid a dhéanaimid dul chun cinn ar gach leibhéal.

Téimid amú, áfach, nuair a éiríonn an chaint agus an caidreamh pearsanta agus nimhneach. Sa chás sin, in áit tuairimí a mhalartú tosaímid ag caitheamh anuas ar an duine eile agus á mhaslú mar dhuine. Dá theasaí an comhrá is ea is lú éisteacht a tharlaíonn i gcásanna mar seo, agus is lú an tuisceint a ghintear freisin. Gortaíonn daoine a chéile ar an gcaoi seo, agus uaireanta bristear cairdeas go tubaisteach. Tá contúirt mhór ann faoi láthair go bhfuil rud éigin mar seo ag tarlú san Eaglais, ní amháin sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil an deighilt go soiléir, ach anseo in Éirinn freisin. Le blianta beaga anuas, tá dhá ghrúpa tar éis teacht chun cinn atá bodhar ar a chéile, a chaitheann drochmheas ar a chéile agus a chothaíonn amhras ar a chéile. Ar thaobh amháin, tá an ‘eite chlé’ agus ar an taobh eile an ‘eite dheas’ agus is beag an caidreamh atá eatarthu. Ar an dá thaobh tá daoine ag béiciúch go hard, gan mórán eisteacht agus le beagán meas ar a chéile. Tá sé deacair an t-iompar seo a réiteach le teagasc Chríost sa Soiscéal.

Mar réiteach ar an scéal seo, ní miste dúinn an t-achrann a chur I leataobh agus ár n-aire a dhíriú ar an rud is bunúsaí ar fad – nó, ba cheart a rá, an duine is tábhachtaí ar fad, Íosa Críost. Dá thábhachtach iad ceisteanna móra na linne seo – dílárú na hEaglaise, suíomh ma mban san Eaglais, cúrsaí liotúirge, gairm na dtuatach – níl iontu sa deireach ach fadhbanna teoranta a bhaineann le fás na hEaglaise lenár linn. Ní as ár stuaim féin a thiocfas réiteach na gceisteanna seo, fiú nuair atá na diagairí is mó agus na stairithe is léanta ag plé leo. Tá pictiúr níos leithne, amharc níos iomláine ag teastáil. Tá treoir an Mháistir féin ag teastáil uainn má táimid chun an bealach ceart a aimsiú. Ina éagmais sin, táimid ar nós duine ar aistear anaithnid nach bhfuil léarscáil no compás aige ina sheilbh.

Tá léarscáil agus compás iontaofa ag teastáil uainn i gcónaí inár saol, is cuma más ag plê le ceisteanna móra an chreidimh atáimid nó ag tabhairt aghaidh ar deacrachtaí pearsanta. Tá treoir an Mháistir de dhíth orainn gach uair agus i ngach áit. Tagaimis, mar sin, chuig Íosa Críost féin, óir is é an Máistir é a bhfuil eolas an bhealaigh aige. Is é croílár na hEaglaise é agus bunchloch an chreidimh. Is cara é freisin, cara na gcarad. Tagaimis ina láthair go simplí, mar sin, mar a dhéanfadh cara, díreach mar atáimid, gan aon chur i gcéill, lán le muinín. Éistimis leis go humhal, agus iarraimis comhairle air. Cothaímis ár ngaol pearsanta leis lá i ndiaidh lae, agus caithimis tamall ina chomhluadar go rialta mar a rinne na deisceabail le linn a shaoil. Ná bíodh aon amhras orainn ach go gcuireann sé fáilte fiail romhainn I gcónaí, agus go háirithe in am an ghátair: ‘Tagaigí chugam, sibhse a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí’ (Math. 11:28-30).

 

Intinn Shoiscéalaíoch an Phápa do mhí na Nollag, 2020

Go gcothaí Briathar Dé agus beatha na hurnaí ár ngaol pearsanta le hÍosa Críost.

Íocón Íosa ó St Catherine’s Monastery Sinai
By Anonymous – [1], Public Domain, https://commons.wikimedia.org/w/index.php?curid=489650

Share:

More Posts

An Gairdín siúd thall

Dónall Ó Cnáimhsí Tá an gairdín sin thall ag dó na geirbe agam le beagnach cúig bliana déag. Gairdín atá in aice an tí seo

Foréigean Baile

Helen Ó Murchú Ach in ainneoin dea-scéalta cabhrach, tharla iarmhairt choiteann eile chomh maith, go háirithe sna tíortha forbartha, go háirithe sna tíortha a raibh

Happy kid looking at the sky

Aire don Chruthaíocht

An Br. Eamon Mac Lochlainn Breis agus ceathracha bliain ó shin shiúil Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an nGealach don chéad uair. Le linn

Send Us A Message