Éiceaphobal Chloch Shiurdáin: ag léirú an todhchaí

Le Peadar Kirby

Níl aon nath cainte a mhíníonn níos fearr an taithí bheith ag maireachtáil in éíceaphobal ná an seanfhocal ‘Ar scáth a chéile a mhaireann an daoine’. Tar éis dom níos mó ná 10 mbliana a chaitheamh sa chéad éiceaphobal in Éirinn, i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann, tuigim i bhfad níos fearr cad a chiallaíonn sé.

Timpeall 100 duine agus 30 páiste atá anois ina gcónaí san éiceaphobal inar chuireadh tús le tógáil tithe i 2009. Faoin am seo, tá 55 teach tógtha agus pleananna againn tús a chur le céím nua forbartha gan mhoill, ina ndéanfaimid an méid sin a dhúbailt má tá an t–éileamh air. Cé go ndeirimid go bhfuilimid ag léiriú conas trasnú go sochaí iar-charbóin, uaireanta ritheann sé liom gurb é a chiallaíonn sin ná filleadh ar an-chuid nósanna agus cleachtais ár sinsir. Mar sin, tá an nua fite fuaite leis an sean.

Agus muid ag diriú ar cheist mhór an athraithe aeráide, cuirtear béim de ghnáth ar na teicneolaíochtaí nua-aimseartha a chabhraíonn linn ár n-astaithe carbóin a ísliú. Agus i gCloch Shiurdáin, bainimid úsáid astusan: tá scéim téimh cheantair againn chun uisce a théimh do na tithe go léir, an chéad scéim dá leithéid go dtí seo in Éirinn breoslaithe le foinsí fuinnimh in-athnuaite. Dá bharr, is féidir linn ár dtithe ar fad a théamh saor ó astaithe carbóin.

Uaireanta, deireann cuairteoirí go bhfuil cuma ait ar thithe an éiceaphobail, is dócha toisc go bhfuilid ar fad an-éagsúil óna chéile, rud neamhghnách in eastát tithíochta sa tír seo. Ach, ní mar a shíltear a bhítear toisc gur gá na tithe a thógáil le caighdeán ard inbhuanaitheachta. Úsáidimid insliú den scoth, agus ábhair saor ó thocsain. Ach, ní gá ach na tithe ar fad a thógáil dírithe ó dheas chun leas iomlán a bhaint as solas na gréine chun iad a théamh – agus níl bille téimh faighte agam ón ngrian go fóill!

Má chuirimid an bhéim ar theicneolaíochtaí, tá an baol ann go ndéanfaí dearmad ar ghné atá i bhfad níos bunúsaí, is é sin neart an phobail. I leabhar tábhachtach dárbh ainm Ecovillages faoi éiceaphobail ar fud an domhain, deir na t-údar Karen Liftin go bhfuair sí an freagra ceannan céanna ar dhá cheist a chur sí i ngach cheann de na 14 éiceaphobail a d’fhan si iontu. ‘Cad é na rud is fearr faoi chónaí in éiceaphobal?’ Na daoine, a fhreagraíodh. ‘Agus cad é an rud is deacra?’ Na daoine, a fhreagraíodh arís!

Is é seo an ceacht is tábhachtaí a d’fhoghlaimse féin. Mar, nuair a mhairimid ar ár scátha, cuirimid aithne doimhin ar a chéile, aithne a léiríonn castacht agus guagacht an duine. Deirtear go dtiteann 90 fán gcéad de phobail intinneacha as a chéile, agus b’fhéidir gurb é sin an fáth, mar go gcaithimid go léir briseadh trí na pearsantachtaí a chothaímidne dúinn féin agus teacht ar chroílár an duine. Ach leagann sé seo síos bunús téagartha a chothaíonn idirspleáchas, gur féidir braith air in am an ghátair.

Léiriú an-mhaith air sin ná nach bhfuil áit níos fearr le bheith le linn stoirme, dianghlasáil phandéime nó leithlisiú ar chúis éigin ná i bpobal láidir ar nós an éiceaphobail seo ‘gainne. Mar is ansin a aithnítear luach an idirspleáchais seachas bochtaineacht neamhspleáchais an duine aonair, agus ár mbunriachtanais ar fad comhlíonta go fial.

Mar shampla, is feirm phobail í cuid den 67 n-acra talún san éiceaphobal; íocann gach ball €16 in aghaidh na seachtaine agus is féidir de a rogha de tháirgeadh na feirme a ghlacadh dhá uair as tseachtain. Leis an íocaíocht roimh ré, bíonn ioncam socair ag na feirmeoirí agus spreagann sé iad an ithir a athghinniúint de réir a chéile agus méadú ar an raon glasraí agus torthaí a bhfásann siad. Mar sin, ithimid go sláintiúil agus go blasta. Comh maith, tá ár mbacús féin againn, a bhacálann arán de thaos géar faoi mar a bhacáladh arán in Éirinn sna meánaoiseanna.

Chun bithéagsúlacht a chothú, chuireamar 17,000 crann dúchasach a fhágaimid mar choillearnach fiáin le cosáin tríd agus cathair ghríobháin ina lár, áit chun siúlóid mhachnamhnach mall a dhéanamh nuair a ghoilleann suaiteacht agus corraitheacht an domhain ort an iomarca. Ar ndóigh is áiseanna iad freisin do chlár oideachais an éiceaphobail a mhealann na míle duine chun cuairt a thabhairt orainn gach bliain.

Agus an domhan ina chíor thuathail timpeall orainn, déanaimid iarracht a thaispeáint gur féidir bealaí níos fearr a chruthú le maireachtáil go sainiúil agus go hinbhuanaithe sa lá atá inniu ann. Ollamh amháin a thug cuairt orainn cúpla bliain ó shin scríobh sé fúinn, ‘tá an todhchaí feicthe agam, agus oibríonn sé’.

 

 

 

Share:

More Posts

An Gairdín siúd thall

Dónall Ó Cnáimhsí Tá an gairdín sin thall ag dó na geirbe agam le beagnach cúig bliana déag. Gairdín atá in aice an tí seo

Foréigean Baile

Helen Ó Murchú Ach in ainneoin dea-scéalta cabhrach, tharla iarmhairt choiteann eile chomh maith, go háirithe sna tíortha forbartha, go háirithe sna tíortha a raibh

Gaol le hÍosa

Pádraig Ó Cairbre SJ Ní haon rud nua é an t-achrann imeasc Críostaithe, faraoir. Ag breathnú siar sa stair, feicimid cé chomh minic is a

Send Us A Message