DIA Á AIMSIÚ SA PHRÍOSÚNACH – AGUS DÓ

Fear léannta, mórchroíoch, ceoltóir oilte ar an dordveidhil, fear a bhí i gcónaí in ndán an mhaith a fheiceáil sa duine eile faoi bhun gnéithe eile an duine nach raibh sé dall orthu, b’shin Michael Bingham SJ, comrádaí Íosánach, an deartháir mór nárbh eol dom a bheith agam gur cailleadh é ar an 12 Eanáir leis an COVID. Is i gcuimhne air agus in ómós dó atá an t-alt thíos á chur i gcló againn. – F Mac B.

Ní míbhuntáistí amháin a bhain le saol an phriosúnaigh, dar le Michael Bingham

Fuaireas an glao a rabhas ag súil leis ón dlíodóir sa chúirt maidin Dé hAoine seo caite (agus mé ag scríobh), á rá liom go raibh bannaí tugtha do Carl, d’ainneoin a mbeifí ag súil leis. Agus bhí sé soiléir gur tharla sé sin i ngeall ar litir a scríobhas chuig an mbreitheamh inar thugas cúis go scaoilfí amach as an bpríosún é. Cuimsithe sa litir bhí mionphleananna agus tiomantais maidir le gnáthamh laethúil Carl do na chéad trí nó cheithre seachtaine dar gcionn, faoi choinníollacha dochta bannaí, go dtí go gcuirfeadh sé tús le cúrsa cónaithe 12-sheachtain le haghaidh alcólachais. Thug mé liom é ó gheataí an phríosúin, thug go dtí an t-árasán a bhí ar cíos aige roimhe sin, agus rinneas deimhin de go raibh sé socraithe isteach. Ach ar an droch-uair ba ghearr a sheas an faoiseamh – tugadh ar ais chuig an bpríosún é an lá dár gcionn; ní raibh sé in ann cur in aghaidh na dí agus rinne sé clampar an oíche sin ar an tsráid.
Is fada leitheadach an taifead a choinnítear ar Carl a mbaineann carranna a ghoid agus tiomáint faoi thionchar an óil go mór mór leis, agus is contúirt thromchúiseach don phobal é dá bharr. Ach in ionad spraoithiomána is é a spreagann é babhtaí troma paranóia agus éadaingne mhothúchánach. D’inis sé dom gurb é an t-aon áit, seachas an príosún, ina mbraitheann sé é féin sabháilte ná istigh i gcarr faoi ghlas – iarmhairt is dóigh ar eispéarais thrámacha le linn a ógántachta. Is é an t-alcól a choscann anois smaointe dá leithéid.

An mhaidin chéanna, rinne Sam teagmháil liom. Bhí sé tar éis a bheith i bhfolach, gan seoladh buan, i ndiaidh gur éiligh mafia drugaí ‘paraimílíteach’ mar dhea go raibh fiacha de thrí mhíle euro cruinnithe aige. Anois bhí sé faoi bhagairt thromchúiseach fhisiceach, agus bhraith sé go raibh siad ag teannadh leis. Chuir sé scairt ar líne éigeandála tithíochta cúpla lá roimhe sin agus d’aimsigh siad ionad dó na mílte i gcéin óna bhaile agus óna chairde. De réir cosúlachta chaith sé an oíche roimhe sin faoi choimeád na ngardaí tar éis gur cuireadh gadaíocht ina leith (a shéan sé go láidir), ach bhí sé le bheith scaoilte amach. An bhféadfainn seoladh bannaí a fháil dó? Chuireas i dteagmháil é lena oifigeach foighdeach promhaidh, a d’aimsigh ionad a bhí chomh fada céanna i gcéin agus gheall go ndéanfadh sé teagmháil le hidirghabhálaí, Faraoir géar, tá sé ag siúl na sráideanna le mála codlata tar éis go raibh air an dídean is déanaí a fhágáil.

Is éagsúil fadhb Sam le fadhb Carl. Cás clasaiceach é Sam de ‘neamhord easnamh airde – mí-ádh coitianta i measc na bhfear óg – bíonn an-deacracht aige a chuid smaointe a shocrú nó a smachtú, pleananna a cheapadh nó a chomhlíonadh (go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le hairgead), nó an mealladh is déanaí a chur ar an méar fhada nó cur suas leis. Agus é lán de na rúnta agus na mianta is fearr ach talannach ó nádúr, ghéill sé go héasca do shubstaintí andúileacha agus d’asluithe don mhionchoiriúlacht.

Tá aithne agam ar an mbeirt fhear óg seo leis na blianta. Chuireas agallamh ar Carl sa phríosún nuair a bhíos i mo shéiplíneach ann 10 mbliana ó shin. Agus i ndiaidh dom fágáil dhá bhliain dá éis chun oibriú le príosúnaigh a bhí scaoilte amach, choinnigh i dteagmháil leis laistigh agus lasmuigh chun tacaíocht agus cairdeas a thabhairt dó. ‘D’fhuadaigh’ Alan seanchara le Sam a bhí ag iarraidh a shaol féin a chur ina cheart Sam as árasán drugadóirí agus é ag iarraidh Sam a ‘shábháil’. Mise a bhí ag tiomáint an chairr. Go tubaisteach, laistigh de chúpla bliain, fuair Alan é féin bás le ródháileog drugaí, agus i gcuimhne air d’fhanas i dteagmháil le Sam sa streachailt a bhí aige agus é ag iarraidh fanacht seasmhach.

Faoi láthair, cuirim tacaíocht, comhairle agus cairdeas den chineál céanna ar fáil do thart ar dháréag ciontóir atá óg. Is daoine iad uile atá uathach agus tarraingteach den chuid is mó. Chuireas aithne ar go leor díobh sa phríosún, agus cairdeas á snaidhmiú eadrainn ar chuireas leis i gcaitheamh na mblianta, go dtí gur fhás gaol láidir muiníne, agus mar a chéile leo siúd a fuaireas trí atreoruithe. Cé gur eol dom, óna bhfianaise siúd gur eispéaras tairbheach a bhí ann dóibh, ní féidir liom cur síos ar cad a fuaireas uathu mar chúiteamh – d’ainneoin géarchéimeanna agus frustrachais ar an tslí.

Bhí an t-aistear i dtreo ‘imeasctha’ nó ‘athshlánaithe’ casta, guagach agus fada – cé gur bhain an rath leis uair nó dhó – más é sin dáiríre an sprioc. Le bheith fírinneach, sílim gur fearr agus gur macánta é a bheith i láthair gan aon chlár – cibé ar chúis reiligiúnach nó cúis leasaithe. Má tá rud ar bith a mbím ag iarraidh a bhaint amach is é – trí ghean, dearbhú agus meas a thabhairt don duine romham amach – braistint fhéinmhuiníne agus dóchais athnuaite a chur in iúl. ‘Creidim ionat, fiú mura gcreideann aon duine eile.’ Agus dóibh siúd nach bhfuil muinín acu astu féin go fiú, is eispéaras athraithe saoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Sa chiall sin, is paraidím dár ngaol le Dia é an ciontóir a nglactar leis nó a gcreidtear ann is uma cé chomh hiomadúil mar chiontóir é. Cé nach sainaithnítear Dia díreach mar sin, déantar idirghabháil leis mar sin féin tríd an teagmháil sin. Mar creideann Dia ionainn go cinnte, sula ‘gcreidimidne’ ann riamh – nó fiú sula gcuirimid ainm air.

Share:

More Posts

Samhain

Samhain Le titim na hoíche siosarnach fríd ghéaga na gcrann – slua sí ar an tslí. Ga glébhuí gealaí ag damhsa ar an choinleach –

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Paidrín an Bhróin

paidrín an bhróin paidrín na lúcháire paidrín foighneach níos líonmhaire ná réaltaí . . . clocha paidrín im’ lámh       Is é atá

Send Us A Message