Dhá ghrua ghnúis na paindéime

 

Helen Ó Murchú

Ar tháinig aon ní fónta as an bpaindéim dhomhanda?

Ní miste cuid de na dea-thorthaí a ríomh. Níl aon amhras ach gur chothaigh an víreas Cóibhid tuiscint úr ar sheoda na beatha. Tréithe amhail foighne, comhghuaillíocht, cúram don chomharsa, grá is cion clainne is cairde, sláinte coirp is meabhrach, áilleacht an dúlra is tábhacht na timpeallachta. Gníomhaíochtaí suaimhneacha sa bhaile ar a bhfuil ceol, léitheoireacht, spórt is cluichí, athnuachan ar scileanna nach mbíodh am chucu ar nós cócaireacht is bácáil mar ghníomh teaghlaigh. Tuigeadh athuair an sásamh atá sa chiúnas, sa tsaoirse ón síorghleithearán gan bhrí, agus dá bhrí sin sa taobh níos spioradálta den saol. Cinnte, in aimsir phlá, casann daoine ar Dhia ar mhodh níos díograisí. Ach níl míniú iomlán sa mhéid sin ar líon an-mhéadaithe na ndaoine a d’éist le searmanais ar líne le linn na dianghlasála – agus a lean leis mar ghnás.

Ar ndóigh bhí taobh eile le scéal na paindéime chomh maith. An t-aineolas a d’fhág cách gan de leigheas acu ach othair a choimeád ag análú pé bealach arbh fhéidir. Sceon na ndaoine bochta ba ghá a chur in ospidéil faoi dhianchúram gan teagmháil chlainne, go háirithe iad siúd ba ghá a chur i gcóma agus gan aon gheallúint acu go ndúiseoidís as. Na créatúir a shaothraigh an bás gan de chompántas acu ach lucht leighis amháin, cé gur trócaireach a bhíodarsan. An drochéifeacht coirp agus meabhrach a d’fhág an taithí sin go léir ar lucht leighis iad féin, agus ar ghaolta na n-othar, nárbh fhéidir na gnáthchineálacha sóláis a cheadú dóibh.

Ansin bhí easpa saoirse don ghnáthdhuine agus an imní mheabhrach a ghintear dá bharr, an chlástrafóibe fiú, nó an agrafóibe. Ní mór a áireamh chomh maith na strusanna pearsanta agus teaghlaigh ba ghá a fhulaingt. Poist chaillte, gnáthshaol réabtha as a chéile. Deiseanna sóisialta cúngaithe ar fad agus uaigneas baolach dá dheasca. Riachtanas do thuismitheoirí áirithe – duine nó beirt díobh – leanúint ar an obair sa bhaile i dtimpeallacht shuaite. Cuir leis sin obair bhaile le leanúint ar son páistí d’aoisghrúpaí éagsúla. Agus é sin gan go leor spáis, ná deiseanna súgartha, gan gairdín fiú, ar uairibh. Rialacha gan tuiscint le leanúint ag daoine gan dídean nó ag inimircigh in iostais phlódaithe. Chun an ghlanfhírinne a rá, is iad na daoine is lú ar ghoill an phaindéim orthu na lánúna ar scor, a raibh gairdín acu, agus teaghlach nó comharsana chun freastal orthu.

Ina ainneoin sin go léir, thángthas tríd, ar an mórgóir bascaithe ach beo. Bímís buíoch do Dhia gach lá dá réir, agus dóibh siúd go léir a thug tríd sinn, na meáin agus lucht ealaíne san áireamh. Nach a sampla siúd a threisigh sinn chun an chuid is fearr dínn féin a chothú agus a fhorbairt?

 

Intinn Uilíoch an Phápa do mhí Feabhra, 2021

Guímis ar son na mban a mbíonn foréigean á dhéanamh orthu, go dtuga an tsochaí cosaint dóibh, agus go dtugtar aird ghníomhach ar a mbíonn á fhulaingt acu.

Kristina Tripkovic on Unsplash

Share:

More Posts

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Paidrín an Bhróin

paidrín an bhróin paidrín na lúcháire paidrín foighneach níos líonmhaire ná réaltaí . . . clocha paidrín im’ lámh       Is é atá

Ar Misean sa Phacastáin

Sr. Rebecca Conlon Is bean rialta Columbánach í an tSiúr Rebecca Conlon atá ag saothrú ar son Dé, sa Phacastáin ó 1990. Is as Sráid

Send Us A Message