Colmcille, 1500 bliain ag fás

Colm Ó Ceallacháin

Leac na Cumha. Théadh a leithéid d’áitainm i bhfeidhm ar dhuine in am ar bith, an lá breá samhraidh seo ach go háirithe, agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. An ghrian ag scoilteadh na gcloch, sea, ach níl le feiceáil ar dhromchla na lice féin ach cuasa beaga, na rudaí a thugann seandálaithe ‘marcanna cupáin’ orthu. Ar an leac seo, suite ar chnocán beag os cionn Loch Gartáin, a rugadh Colmcille d’Eithne ar an seachtú lá de mhí na Nollag, míle go leith bliain ó shin. I mbliain chomórtha seo an naoimh, i measc na scéalta go léir a instear faoi, is é scéal seo a mháthar is mó a théann i bhfeidhm ormsa. Mar a dúradh léi in aisling, an oíche romh bhreith a mic, go mbéarfaí é ar an leac seo a bheadh ag snámh go míorúilteach ar dhromhchla an locha. Mar a chuaigh sí á lorg an lá dár gcionn agus mar a d’fhulaing sí pianta na breithe, i gceartlár an gheimhridh, san ionad iargúlta seo. Cad is oilithreacht ann? Turas, ag leanúint lorg an naoimh as ar ainmníodh mé, ag ceiliúradh a bheatha? Nó rud níos simplí ná sin, b’fhéidir. Cúpla coiscéim a thógáil amach as gnáthchúraimí an tsaoil, seal gairid siúlóide, gan de chomhluadar agat ar feadh na slí ach do smaointe féin. Paidir bhóthair?

Luachmhar gach bolgam uisce inniu, ar lá chomh meirbh, ach doirtim braon as mo bhuidéal isteach i gceann de na cuasa atá greanta sa leac agus ólaim suas é. Colmcille féin a gheall go dtógfaí an t-uaigneas don té a dhéanfadh amhlaidh. Beidh le feiceáil. Tá cuma an uaignis ar an suíomh féin inniu, in ainneoin a áilleachta. Ní nach ionadh, agus a liachtaí sin Conallach a chaith an oíche ag an leac sular thug siad aghaidh ar Dhoire agus ar an mbád bán. Ar chaith siad súil siar, ar fhágáil an chalafoirt dóibh, dála Cholmcille agus a shúil ghlas féin ‘a fhéachann ar Éirinn thar n-ais, agus ní fheicfidh sí lena lá, feara Éireann ná a mná’?

Más paidir bhóthair é an turas seo, is geall le liodán é ainmneacha na lochanna a rá amach os ard agus mé ag siúl tharstu ar mo bhealach go Ráth Cnó. Loch Gartáin, Loch na Caillí, Loch Mhic Ciabáin. Loch Gartáin, Loch na Caillí, Loch Mhic Ciabáin. Ag Ráth Cnó, mar ar chónaigh muintir Cholmcille, tá fothrach na mainistreach a thóg Mánas Ó Dónaill sa 16ú haois fós ina sheasamh i lár na reilige. Ó Dónaill, Taoiseach Thír Chonaill, a scríobh Beatha Cholmcille, mar ar thiomsaigh sé cuid mhaith de sheanchas an naoimh. Ní iarsma dearúdta í an mhainistir seo, áfach, ná na traidisiúin a bhaineann le Colmcille sa dúiche, ach rud beo beathach, mar a bhfaighidh mé amach amárach. Tá tobar ag Ráth Cnó, agus tá sé amuigh air go bhfuil leigheas na súl ag a chuid uiscí. Líonaim mo bhuidéal uaidh mar sin, le breith abhaile chuig mo mhac. É ag téarnamh tar éis obráid súile agus é ag déanamh go maith, a bhuíochas le scil an mháinlia, ach cén dochar beannacht an naoimh a chur leis sin?

Turas eile, an lá dár gcionn, go Gleann Cholm Cille, cé nach fada nó go bhfuilim ar strae idir stáisiúin an turais. Ar thóir Thobar Cholmcille atáim, ach mé imithe in aimhréidh i measc charraigeacha géara an ghleanna. Faoin am go dtuigim go bhfuil mé imithe rófhada suas learg an tsléibhe tá mo dhá ghlúin basctha go maith, mar thoradh ar gach sciorradh coise a baineadh dom feadh na slí. Tá ortha leighis i gConamara ina n-agraítear Colmcille i gcoinne na rua, galar pianmhar a fhágann an craiceann ata agus dearg. Múineann gá seift, agus deirim (nó cuirim, is cirte a rá) an ortha chéanna sin do mo ghlúine anois agus mé ar mo bhealach anuas.

‘Ortha a chuir Colmcille do Chríost, an nimh a chur ar gcúl, an t-at a chur ar gcúl, agus an duine a thabhairt slán.’

A ghuí féin ag gach oilithreach, fiú má tá níos mó ná blas na pagántachta ag baint leis an ortha áirithe seo. In am an ghátair, agus gan fiú plástar agam le cur ar mo chréachtaí, déanfaidh sí cúis. An mbeidh toradh uirthi? Beidh le feiceáil. Ar mo bhealach síos dom tagaim ar bheirt eile atá ar seachrán anseo, agus ní fada nó go bhfuilimid i mbun comhrá. Cé gur nós le hoilithrigh fanacht ina dtost le linn an turais seo, ní miste beannú freisin dod’ chomhdhaonnaí, go háirithe nuair is caillte atá sibh uilig. Athair is mac atá ann, ó cheantar Ghartáin, agus iadsan ar thóir an tobair chomh maith. Nuair a luaim go raibh mé ag Loch Gartáin inné, labhraíonn an t-athair liom faoi chré Ghartáin. Tá cré bhán sa dúiche, a deir sé, agus gan cead ach ag cúpla teaghlach í a bhailiú, a mhuintir féin ina measc. Cosaint í an chré seo ar an mbá agus ar loscadh tí, agus ó tharla go raibh roinnt di thíos ina ghluaisteán aige thairg sé líomóg di domsa anois. D’áitigh mé air gan an bealach achrannach seo a dhreapadh faoi dhó, áfach, óir bhí gráinnín cré faighte ó chianaibh agam ar a bhfuil an bua cosanta céanna sin, i gcoinne tine agus uisce, luaite léi.   Ag bun an chnoic a thóg mé í, faoi Leaba Cholmcille atá suite i gcoirnéal Theampall Cholmcille. Bíonn cúis nó achainí faoi leith ag gach oilithreach a thugann faoin turas seo, ar ndóigh, agus is lámh le Teampall Cholmcille a dhéantar an chúis sin a fhógairt. A ghuí féin ag gach oilithreach – go mairimid í. Tagaimid, ar deireadh thiar, ar Thobar Cholmcille, agus mar chúiteamh ar chineáltas mo chompánaigh geallaim dóibh go ndéarfaidh mé paidir ann ar son fhoireann Thír Chonaill atá ag dul chun páirce i gcraobh Uladh an lá dár gcionn (ar an drochuair dóibh, bhuail Tír Eoghain iad. Tá teorainn fiú le cumhacht Cholmcille). Cad is oilithreacht ann, ina dhiaidh sin is uile, mura paidir bhóthair í, agus giorraíonn beirt bóthar, fiú ar feadh cuid bheag den tslí.

Níorbh fhada mé ag cur stáisiúin eile an turais díom. Cloch Bhaile na nDeamhan ina measc, mar ar scaip an naomh ceo draíochta na ndeamhan, ag cur iallaigh orthu teitheadh chun na farraige tríd an gcloch seo. Nó Cloch an Aonaigh, mar a bhfuil radharc le fáil ar na flaithis, a deirtear, trí pholl na cloiche. Cibé faoi na flaithis, fuair mé léargas ar thír álainn Ghleann Cholm Cille ar feadh na slí inniu, agus ar a phobal cuideachtúil, rud a fhanfaidh i mo chuimhne trí laethanta dorcha an gheimhridh.

Foclóirín: oilithreacht = pilgrimage; liodán = litany; ortha = prayer, incantation; líomóg = pinch, small amount.

An Fhuinneog ó Thoir, Teach Phobail Cholmcille, Oileán Thóraí

Grianghraf le Dick Kirchberg [email protected]

Share:

More Posts

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Paidrín an Bhróin

paidrín an bhróin paidrín na lúcháire paidrín foighneach níos líonmhaire ná réaltaí . . . clocha paidrín im’ lámh       Is é atá

Ar Misean sa Phacastáin

Sr. Rebecca Conlon Is bean rialta Columbánach í an tSiúr Rebecca Conlon atá ag saothrú ar son Dé, sa Phacastáin ó 1990. Is as Sráid

Send Us A Message