Cearta Daonna san Áis

Ashley Evans
Ar an dara lá de mhí na Nollag 2019, in Hong Kong, cuireadh téarmaí príosúnachta deich mí, trí mhí dhéag go leith agus seacht mí, faoi seach, ar Agnes Chow, Joshua Wong agus Ivan Lam. Cuireadh ina leith gur ghríosaigh siad agus gur ghlac siad páirt i dtionól mídhleathach. Phléadáil siad ciontach sna coireanna.
Ghlac an triúr páirt i ngluaiseacht “Léirsiú na Scáthanna Báistí” i 2014, a bhí ag éileamh go léireofaí meas ar an chonradh “Aon tír amháin – dhá Chóras” a shínigh An Ríocht Aontaithe agus An tSín i 1997. Faoin chonradh sin bhí córas dlí agus polaitiúil éagsúil le bheith i réim in Hong Kong nuair a ghlacfaí an áit mar chuid den tSín. Sa bhliain 1997 bhí an triúr ina mic léinn ardscoile. Mar a dúirt tráchtaire polaitiúil sinsearach amháin de chuid na Síne faoi Ms. Chow, “Chonaic muid í ag fás aníos.” Chaith Ms. Chow a saoránacht Bhriotánach i dtraipisí ionas go dtiocfadh léi seasamh don Chomhthionól Reachtaíochta. Is cosúil anois gur obair in aisce a bhí ina cuid iarrachtaí, agus in iarrachtaí an triúir, chun daonlathas agus forlámhas an dlí a chur chun cinn.
Ar an 18 Meán Fómhair 2018 shínigh an tSín agus an Suí Naofa conradh faoi cheapachán Easpag, conradh a athnuadh le déanaí ar feadh tréimhse dhá bhliain eile. Thart faoin am céanna bhí an méid seo le rá ag an Phápa Proinsias i litir chuig Caitlicigh na Síne:
“I dtaca le cúrsaí sibhialta agus polaitíochta, ní miste do Chaitlicigh na Síne a bheith ina saoránaigh gan locht; ní miste dóibh grá a thaispeáint dá dtír dúchais agus seirbhís mhaith a thabhairt di le dúthracht agus le hionracas, chomh mór agus is féidir. Mar a bhaineann le cúrsaí eitice, is cóir go dtuigfidh siad go mbeidh cuid mhór dá gcomhshaoránaigh ag súil le tiomantas ar leith uathu don leas coiteann agus d’fhás comhchuí na sochaí i gcoitinne. Thar rud ar bith eile, ba chóir do Chaitlicigh a dtírghrá a léiriú i mbealach fáidhiúil, inchiallaithe, bunaithe ar a gcreideamh i Ríocht Dé. Is féidir go mbeidh orthu, in amanna, a bheith cáinteach, ní ar mhaithe leis an chur in éadan féin, ach ar mhaithe le sochaí a thógáil a bheidh cóir, daonna agus measúil ar dhínit gach uile dhuine.”
Anuas ar na himeachtaí seo atá ag titim amach in Hong Kong, is léir dúinn ó ghrianghraif shaitilíte go bhfuil an tSín i ndiaidh campaí géibhinn a thógáil i gCúige Xinjiang, campaí ina bhfuil na céadta míle duine de bhunadh Uighur. ‘Ionaid Ghairmoideachais agus Traenála’ a thugann Rialtas na Síne ar na campaí seo. Is léir, áfach, go bhfuil an pobal Uighur ann in éadan a dtola agus go gcuirtear d’fhiachadh orthu an Mhandairínis a labhairt agus a gcreideamh agus a gcleachtas Moslamach a thréigean. Is é, gan dabht, an glanadh eitneach is mó ar domhan ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
Tá tuairiscí go leor i ndiaidh teacht amach faoi phianadh agus mí-úsáid fhoréigneach i bpríosúin na Síne agus i réigiúin iargúlta. Cluintear scéalta faoi orgáin á gcruinniú agus faoi ghinmhilltí foréignithe. Ós rud é gur fíorbheagán fianaise staitistiúil atá ar fáil faoi na huafáis seo, ní féidir a bheith cinnte faoi fhairsinge na drochíde. Tá go leor dlíodóirí de bhunadh na Síne a bhíodh ag plé le cearta daonna i ngéibhinn anois. Is léir dúinn gurb í an tSín an áit a bhfuil cearta daonna á séanadh níos forleithne, agus i mbealach níos tromchúisí, ná tír ar bith eile ar domhan.
Is iomaí áit eile a bhfuil cearta daonna á séanadh fosta, áfach. I measc na dtíortha is measa tá an Chóiré Thuaidh, an Iaráin, Veiniséala, an Bhealarúis agus an tSiria. Sa Mhaenmarach, b’éigean don iliomad den mhuintir Mhoslamach Rohingya teitheadh chun na Banglaidéise. Sa Téalainn agus sa Chambóid cuireadh téarmaí príosúnachta ar lear mór gníomhaithe óga a bhí ag obair ar son an daonlathais.
I dtaca le cearta bunúsacha san Afraic, tuigtear dúinn ó thuairisc a d’eisigh an eagraíocht charthanachta idirnáisiúnta Human Rights Watch i mí Eanáir 2020 go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna toghcháin dhaonlathacha i mbreis agus scór tír san Afraic. Ach is léir dúinn fosta, áfach, go bhfuil géarleanúint chórasach ar siúl in éadan daoine a bhfuil baint acu le páirtithe dleathacha freasúra sa tSiombáib, in Uganda, in Mósaimbíc, sa Tansáin, in Ruanda agus i bPoblacht na hAfraice Láir. Tá Boko Haram agus grúpaí jiohádacha eile i mbun sceimhle gan stad sa Nigéir, i Mailí agus sa tSaiheil.
Ar fud an domhain tá cearta bunúsacha grúpaí mionlaigh á séanadh. Déantar leithcheal ar mhná i sochaithe traidisiúnta agus imrítear leatrom ar an phobal gorm, fiú i sochaithe nua-aoiseacha. Ní beag an líon iriseoirí a thuigeann go seasann siad sa bhearna bhaoil gach uair a thugann siad caimiléireacht chun solais i dtíortha áirithe.
Tugann an Eaglais chun cuimhne dúinn gur chruthaigh Dia gach duine againn cothrom le gach duine eile, agus go bhfuil muid ar fad faoina chúram. Bhunaigh Íosa Críost Ríocht Dé ar talamh. Iarrann Dia orainn grá a thabhairt dó féin agus do gach duine; braitheann ár slánú ar an dóigh a gcaitheann muid le Clann Dé.
Guímis ar son na ndaoine sin a chuireann a mbeatha i mbaol ar mhaithe le cearta bunúsacha a bhaint amach faoi chórais deachtóireachta, faoi réimis thiarnúla agus fiú amháin faoi chórais dhaonlathacha a bhíonn i ngéarchéim.

 

Intinn Uilíoch an Phápa do mhí Aibreáin, 2021

Guímis ar son na ndaoine sin a chuireann a mbeatha i mbaol ar mhaithe le cearta bunúsacha a bhaint amach faoi chórais deachtóireachta, faoi réimis thiarnúla agus fiú amháin faoi chórais dhaonlathacha a bhíonn i ngéarchéim.

Grianghraf le Joseph Chan on Unsplash

 

 

Share:

More Posts

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Paidrín an Bhróin

paidrín an bhróin paidrín na lúcháire paidrín foighneach níos líonmhaire ná réaltaí . . . clocha paidrín im’ lámh       Is é atá

Ar Misean sa Phacastáin

Sr. Rebecca Conlon Is bean rialta Columbánach í an tSiúr Rebecca Conlon atá ag saothrú ar son Dé, sa Phacastáin ó 1990. Is as Sráid

Send Us A Message