An tAthair Foster agus cúrsaí Laidine

Eoin Ó Cróinín

Bhí an tAthair Reginald Foster, a fuair bás lá Nollag seo caite agus é 88 mbliana d’aois, ar an speisialtóir Laidine is fearr dá raibh ag an Eaglais Chaitliceach ón Dara Cogadh Domhanda i leith; ar feadh 40 bliain chuir sé Laidin ar cháipéisí Vatacánacha agus é ina rúnaí Laidine ag ceathrar Pápaí.

Chuir Foster go láidir agus go cróga i gcoinne an íslithe céime a tugadh don Laidin tar éis an Dara Comhairle Vatacánach. Dhamnaigh sé aineolas chliarlathas na hEaglaise ar an teanga, aineolas a bhí ag dul i méid de réir a chéile, agus chuir sé in iúl, leis an deisbhéalaí ba dhual dó, go raibh áit ann go fóill don Laidin i saol ár linne.

Bhí greim beagnach dosháraithe ag an Athair Foster ar an Laidin, nó ag ‘Reggie’ nó ‘Reginaldus’, mar ab fhearr aithne air. Deirtí gurb iad Cicero agus Naomh Augustine amháin a bhí inchurtha leis. Tráth dá raibh, bheadh aitheantas forleathan ag dul dó as an máistreacht a bhí aige ar an teanga; go dtí le déanaí, cairdinéal a bhí i rúnaí Laidine an Phápa. Ach de réir mar a chuaigh stádas na teanga i léig, laghdaíodh ar ghradam an phoist. Is maith mar a d’oir sé sin don Athair Foster, áfach, duine a bhí an-uaillmhianach don teanga ach ní dó féin.

Bhí oifig bheag aige sa Phálás Aspalda, díreach síos an pasáiste ó sheomra staidéir an Phápa. Is beag troscán a bhí ina sheomra, gan ann ach deasc, cathaoir agus foclóir ollmhór Laidine. Ar an urlár a bhí an guthán. Thagadh bean rialta chuige gach maidin leis an rud ar ar thug sé ‘obair bhaile an Phápa’.

Is é ba chúram laethúil dó scríbhinní an Phápa a aistriú ó Iodáilis go Laidin agus iad a chur ar ais chun faomhadh an Phápa a fháil. Is iomaí aighneas a bhí aige leis na pontaifí maidir le ceartúsáid na teanga, agus ní ghéillfeadh sé dóibh go héasca.

Uair amháin, ní raibh an Pápa Eoin Pól II sásta le haistriúchán agus d’athraigh sé an fhoclaíocht ann. Nuair a chonacthas don Athair Foster an méid a bhí athraithe, chuir sé an téacs ar ais chuig an bPápa agus é ina fhriotal féin aige athuair. Fuair an sagart an cháipéis ar ais uair amháin eile ó Eoin Pól II le focail Phointias Píoláit scríofa air: ‘Quod scripsi, scripsi’ (‘An méid atá scríofa agam, tá sé scríofa’). B’shin deireadh na hargóinte.

Is go drogallach a ghlac Foster le ceartúchán ón bPápa, ach ní ghlacfadh sé le comhairle ar bith ó oifigigh an Curia nach raibh chomh hoirirc céanna. Tháinig racht feirge air lá nuair a thug sé faoi deara nach raibh airgead á dháileadh i Laidin a thuilleadh ag uathmheaisíní bainc na Vatacáine ach iad athshocraithe chun é a dháileadh in Iodáilis, Fraincis, Spáinnis agus Béarla. Fuair sé amach cé a bhí freagrach as an athrú agus tar éis dó íde béil a thabhairt don mhaorlathaí bocht, is gearr go raibh Laidin le feiceáil arís ar mheaisíní bainc an tSuí Naofa.

Mac le pluiméir agus bean tí a bhí in Reginaldus Thomas Foster agus rugadh é i gceantar Gearmánach Milwaukee, Wisconsin, an 14 Samhain 1939. Chrom sé ar an Laidin a fhoghlaim in aois 13 mbliana dó nuair a chuaigh sé isteach i Mion-chliarscoil Naomh Proinsias. Tamall ina dhiaidh sin d’aistrigh sé chuig Teach Oiliúna na gCairmilíteach in Peterborough, New Hampshire, agus oirníodh é ina shagart in 1966 sa Róimh.

Bhí sé ar intinn ag Foster tabhairt faoi dhochtúireacht i Scoil Ard-Laidine na Róimhe. Ach in 1969, an chéad bhliain dá chúrsa ardléinn, tháinig tinneas ar rúnaí Laidine an Phápa VI. Iarradh ar Foster, nach raibh ach 29 mbliana d’aois, teacht ina áit sa ról.

Bhí air éirí as an dochtúireacht, ach is iomaí deis nua a fuair sé chun an Laidin a chur chun cinn agus é ag obair in Oifig Léinn Laidine na Vatacáine. Chuaigh sé san iomaíocht don duais ghradamach, an Certamen Vaticanum, rud a bhuaigh sé, ar dtús, le tráchtaireacht ar na tuirlingtí ar an ngealach in 1969, agus níos déanaí, le tuairisc ar an mbabhta clúiteach dornálaíochta idir Muhammad Ali agus Joe Frazier in 1975.

Ba bhreá le Foster focail Laidine a chumadh le haghaidh coincheapa nua-aimseartha. In 2003, d’fhoilsigh an Vatacáin Lexicon Recentis Latinitas, foclóir ina bhfuil cuid mhaith de na nuafhocail ab ansa le Foster: universalis destructionis armamenta (airm ollscriosta), pastillum botello fartum (madra te) agus instrumentum computatórium (ríomhaire).

Foster a bhí i bhfeighil an chuntais Twitter Laidine @Pontifex_ln ar son an Phápa Beinidict XVI agus ceann de na focail is déanaí a chum sé ná breviloquentia (‘tvuíteáil’), focal a fuair sé ó Cicero agus a chuir sé in oiriúint don saol comhaimseartha.

Bhíodh sé ag múineadh in Ollscoil Ghreagórach na Róimhe agus sna 1970idí bhunaigh sé scoil samhraidh Laidine sa Chathair Shíoraí.

Chuaigh stíl mhúinteoireachta ‘Reggie’ go mór i gcion ar a chuid mac léinn, stíl a bhí pas aisteach ach dian. Seo mar a chuir dalta díograiseach amháin, Katie Walker, síos air san iris The Oldie: ‘Is é díocas Reggie a fhágann a chuid ranganna chomh taitneamhach sin. Is breá liom nuair a bhéiceann sé, Apage nugas! (“Éirí as an bpleidhcíocht!”) nó Expergiscere! Fac sapias! (“Múscail sibh féin! Bíodh ciall agaibh!”). Tagann sinne eachtrannaigh ó gach cearn den domhan ar feadh ocht seachtaine le linn an tsamhraidh. Bíonn sé ar fad saor in aisce! Níor ghearr Reggie pingin rua riamh agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh go deo’.

Agus é gléasta i bhforchulaith ghorm ghioblach agus é ag ól súimíní ó ghloine, nó ó bhuidéal, fíona dheirg, d’iarradh sé ar mhic léinn ceannlínte an lae a aistriú go Laidin. Chreid sé gur chóir an Laidin a labhairt ar nós na nuatheangacha agus chuir sé d’iallach ar na mic léinn foclóir toirtiúil Laidine Lewis & Short a thabhairt leo chuig gach rang.

Ag deireadh an ranga, thugadh Foster amach na ‘bileoga’ cáiliúla ab áil leis, leathanaigh obair bhaile i gcló mór. Scriosadh sé na ceachtanna sin ag deireadh na bliana agus scríobhadh amach iad arís ón tús le haghaidh na bliana dár gcionn.

In 2006, chuir an Ollscoil Ghreagórach deireadh lena chúrsa Laidine, áfach, toisc nach raibh táillí teagaisc á n-íoc ag a chuid mac léinn, de réir dealraimh.

Dar le Foster gur ar mhúinteoirí leamha Laidine a bhí cuid mhaith den mhilleán as meath na teanga. Seo mar a chuir sé tús le haitheasc spleodrach amháin a thug sé do chomhdháil léachtóirí Laidine sa Róimh: ‘Ní thaitneoidh roinnt mhaith dá bhfuil le rá agam libh’.

Tar éis dó éisteacht le Foster ag déanamh géarcháineadh ar gach gné den mhúinteoireacht nua-aimseartha Laidine, is é a dúirt duine amháin a bhí i láthair: ‘Tháinig mé anseo agus súil agam le máistir scoile lách neamhurchóideach agus cé a bhí romham ach an Terminator!’.

Is iomaí aistíl a luadh le Foster. Dúradh go gcodlaíodh sé ar úrlár a chille in áras cónaithe na gCairmilíteach agus go seasadh sé ar thaobh na sráide, ar nós Socrates, i mbun dianmhachnaimh. Bhí sé ag aislingeacht sa chaoi sin lá nuair a tháinig grúpa turasóirí Gearmánacha faoina dhéin. Thairg siad airgead dó agus iad ag ceapadh gur bacach a bhí ann. Baineadh stangadh astu nuair a chuir sé é féin i láthair le scoth na Gearmáinise, é ag cur in iúl dóibh gurbh é Laidineoir an Phápa é. Thug sé iad leis ar thuras timpeall na Róimhe ansin. Nochtach a bhí ann freisin.

Ach in ainneoin na dtréithe aisteacha a bhí aige, fear goilliúnach a bhí ann mar sin féin. Cheap sé gur d’aon ghnó a tugadh míléiriú air sna meáin agus ní labhraíodh sé le hiriseoirí ach ar choinníoll go mbuailfidís leis ‘gan nótaí, taifeadtaí ná ráitis scríofa’.

Sna blianta deireanacha dá shaol, lean sé air ag cur i gcoinne stádas íslithe na Laidine. Dúirt sé, idir shúgradh is dáiríre, go scríobhadh easpaig chuige anois ag iarraidh aistriúchán ar an Ave Maria air, agus chreid sé go láidir nach teanga amháin a bhí sa Laidin ach soitheach staire agus cultúir. Dúirt sé uair amháin gurb ionann tréigean na Laidine ag an Eaglais agus ‘tréigean Mozart agus Beethoven’. Dá ainneoin sin, is cosúil nár thacaigh sé leis an Aifreann Laidineach toisc an chuma ‘mheánaoiseach’ a chuireann sé ar an Eaglais. Cheap sé gur cheart don Phápa féin dea-shampla a léiriú i dtaobh na Laidine – seachas siesta a dhéanamh, ba chóir dó a fhógairt gur ag léamh Laidine a bheidh sé ina sheomraí príobháideacha sa Vatacáin.

In 2009, chuaigh Foster ar scor agus d’fhill chun cónaithe ina cheantar dúchais, Milwaukee. In 2015 d’fhoilsigh sé leabhar (i gcomhpháirt le Daniel McCarthy) dar teideal Ossa Latinitatis Sola ad Mentem Reginaldi Rationemque: The Mere Bones of Latin According to the Thought and System of Reginald. Thagadh mic léinn chuige ó ollscoil Íosánach na cathrach, Marquette, le haghaidh ceachtanna agus lean sé air ag teagaisc, saor in aisce, go dtí an tseachtain roimh a bhás.

 

Share:

More Posts

Samhain

Samhain Le titim na hoíche siosarnach fríd ghéaga na gcrann – slua sí ar an tslí. Ga glébhuí gealaí ag damhsa ar an choinleach –

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Send Us A Message