Ar Misean sa Phacastáin

Sr. Rebecca Conlon

Is bean rialta Columbánach í an tSiúr Rebecca Conlon atá ag saothrú ar son Dé, sa Phacastáin ó 1990.

Is as Sráid na Cathrach, Condae an Chláir, di ó dhúchas. Tar éis freastal ar scoil chónaithe i gClár Chlainne Mhuiris i gCondae Mhuigheo d’oibrigh Rebecca sa Roinn Oideachais ar feadh trí bliana. Ansin i 1967 chuaigh sí go dtí an Machaire Mór, Condae Chill Mhantáin, ionad na mban rialta Columbánach in Éirinn.

Mar bhean rialta fuair sí oiliúint mar theiripeoir saothair i Londain agus chuaigh sí as sin go dtí an Chóiré, tír inar d’oibrigh sí leis na Bráithre Eoin Dé ina gclinic siciatrach ó 1977 go 1979. Nuair a fuair a máthair bás an bhliain chéanna d’fhill sí ar Éirinn chun aire a thabhairt dá hathair.

Rinné sí cúrsaí oiliúna sa Mhainile agus in Éirinn maidir leis an treoir spioradálta sular ceapadh í mar cheannaire na nóibhíseach . Sa bhliain 1990 iarradh uirthi dul go dtí an Phacastáin, rud nach raibh sí ag súil leis ar chor ar bith. Ach mar a deir sí féin: ‘Ba é an t-athrú sin an rud is fearr i mo shaol ar fad.’ Chaith sí féin agus ceathrar siúr Columbánach eile bliain i Lahore na Pacastáine ag foghlaim Urdúise, teanga náisiúnta na tíre sin: ‘Is teanga dheacair í an Urdúis; léann tú ó dheis go clé agus tosaíonn leabhar ar chúl seachas ag an tosach’. Fuair siad deis taisteal go ceantair i dtuaisceart na tíre, rud nach féidir inniu de bharr an Taliban. Ach ansin thosaigh Cogadh na Murascaille agus uaireanta ní raibh na siúracha in ann dul taobh amuigh den chlochar toisc léirsithe agus thagadh na múinteoirí Moslamacha chun seasamh ag an ngeata chun iad a chosaint. Agus an staidéar teanga críochnaithe acu bhog siad go Hyderabad i gceantar Sindh, áit ina bhfuil gaineamhlach agus treabhanna dúchasacha. Bheartaigh siad cónaí i dteach i measc na Moslamach. ‘Bhí daoine ag ceapadh go rabhamar as ár meabhair toisc go raibh sé dainséarach ach dúramar nach raibh aon mhaitheas a bheith istigh i gcampún eaglasta. Bhí sé tábhachtach a bheith i measc na ndaoine agus teagmháil a bheith againn leo. Tá meas ag ár gcomharsana Moslamacha orainn agus againne orthu agus ag Nollaig agus deireadh Ramadan agus féilte eile déanaimid malairt bronntanas ar a chéile.’

Chaith an tSiúr Rebecca dhá bhliain déag ag obair le mná i bpriosún na cathrach. Chabhraigh an tSiúr Rebecca leo airgead a thuilleamh trí mhálaí éadaigh a dhéanamh mar chuid de fheachtas chun fáil réidh le málaí plaisteacha. Bhí cuid de na mná ciontach i gcoireanna mar dhúnmhárú, cuid eile sa phriosún de bharr ‘cásanna adhaltranais’, sé sin lánúnacha nár chlóigh le cultúr an chleamhnais agus a d’éalaigh chun a rún geal a phósadh.

Agus í ag breathnú siar ar na blianta atá caite aici go dtí seo sa Phacastáin is é an rud is mó go bhfuil bród uirthi faoi ná an daichead teach a chuir na mná rialta ar fáil do theaghlaigh tar éis tuillte i 2010/2011; agus tithe eile i ndiaidh crith talún mór i Muzaffarabad i 2005. ‘Ní fhéadfaimis é a dhéanamh gan cabhair ó dhaoine maithe agus ó na daoine a oibríonn linn. Conas a d’éirigh linn an obair seo a chur i gcrích? Ní muidne atá i gceannas ach Dia agus is breá Leis bheith linn. Is é an misean seo a choinníonn beo muid’.

Intinn Shoiscéalaíoch an Phápa do mhí Feabhra,2022:

Ar son na mban rialta agus ar son na mban coisricthe:
Guímid ar son na mban rialta agus ar son na mban coisricthe; ag gabháil buíochais leo as a misean agus as a gcrógacht; go n-aimsí siad freagraí úra ar dhúshláin ár linne.

Share:

More Posts

Seoladh Leabhar ag Merriman 2022

Flóra na Samhlaíochta le Bríd Ní Mhóráin (FÁS) agus Scáthántachtaí le Tadhg Ó Dúshláine (FÁS) á sheoladh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag

Paidrín an Bhróin

paidrín an bhróin paidrín na lúcháire paidrín foighneach níos líonmhaire ná réaltaí . . . clocha paidrín im’ lámh       Is é atá

Send Us A Message