Tá ar a laghad trí móimint ar leith sa ló ann do mo thráth phaidreoireachta
Chun a bheith ag cleachtadh urnaí roghnóidh mé an modh is fear a spreagann mé agus a chabhraíonn liom mé féin a chur ar fáil don Tiarna Aiséirithe. Tig liom íomhá de Íosa nó an Cros Céasta a bheith os mo chomhair. Tig liom a bheith in áit faoi leith i m’áit chónaithe. Tig liom paidir faoi leith a rá. Tig liom modh digiteach a úsáid.
Chun leagan béarla a léamh, téigh go www.popesprayer.va

Le hÍosa ar maidin
Nuair a thosaím amach ar maidin lorgóidh mé móimint ciúnais chun teacht i láthair ár dTiarna Aiséirithe. Iarrfaidh mé ar an Athair cabhrú liom a bheith ar fáil do mhisean an Mhic, agus mé ag ofráil an duine is mé agus a bhfuil agam. Tig liom an ofráil seo a dhéanamh i mo chuid focail féin nó le paidir réamhscríofa. Iarraim ar an Spiorad Naomh mo chroí a oscailt do riachtanais an domhain mhór agus do na dúshláin atá roimh an chine daona agus roimh an Eaglais. Ansin guím ar a son ag meabhrú dom féin Intinn míosúil an Phápa.

Le hÍosa i rith an lae
Ag bomaiti éagsúla i rith an lae, ar an mbóthair nó stopaithe áit éigin, sa bhaile nó ag obair tugaim chun cuimhne go bhfuil mé i láthair Dé agus cuirim mé féin ar fáil “ le saothrú mar aon leis de lá agus faire istoíche” (Cleachtaí Spioradálta Naomh Iognaid, 93)