Intinní an Phápa – Mí Bealtaine

Uilechoiteann: 

Agus sinn ag séanadh chultúr na neamhshuime, go dtuga muid cúram dár gcomharsana atá ag fulaingt, go háirithe do na heasláin is na bochta.

Ar son na Soiscéalaíochta: 

Maidir le Críostaithe atá i gcultúir shaolta, go gcuidí idirghabháil Mhuire lena bhfonn chun Íosa a fhógairt.

 

Comhar na gComharsan i nGuí agus i nGluaiseacht

Anois agus muid i dtús bliain úr eile, ní hamháin go bhfuil muid ag amharc siar ar an bhliain atá imithe thart, ach fosta ar na hathruithe a tháinig ar ár saol agus ar shaol na Gaeltachta le himeacht na mblianta.

In ainneoin go bhfuil go leor fuadair faoin fhorbairt pobail sa Ghaeltacht faoi láthair, is údar imní dúinn i gcónaí tábhacht na teanga agus an meath atá uirthi. Deir na saineolaithe linn go bhfuil an Ghaeilge i mbaol sa Ghaeltacht agus mura dtabharfaidh muid aird air sin agus gníomhú dá réir, nach mbeidh ach corradh le cúig bliana déag eile fágtha ag an Ghaeltacht mar cheantar ina labhartar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin gan bhriseadh ann.

Dá bharr seo agus mar ghníomhaí pobail, tuigim gurb í an chloch is mó ar ár bpaidrín againn féin agus ag Údarás na Gaeltachta sna blianta atá romhainn ná próiseas pleanála teanga a chur i gcrích. Beidh dhá bhliain againn chun plean teanga a chur le chéile agus seacht mbliana lena chur i bhfeidhm. Tá an eagraíocht a bhfuil mé féin gníomhach inti, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, roghnaithe le bheith ina ceanneagraíocht don limistéar a bhaineann le Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir. Tá cúrsa dioplóma dhá bhliain sa Phleanáil Teanga á dhéanamh agam féin agus ag baill eile den Chomharchumann, chomh maith le daoine ó na coistí pobail eile sa limistéar seo. Tá dualgas orainne, is é sin, na dreamanna atá le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga, tabhairt faoin chúrsa seo atá á chur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ag Údarás na Gaeltachta. Is dúshlánach go deo í an obair atá romhainn ach caithfear beart a dhéanamh anois.

Sa phleanáil teanga, deirtear linn go bhfuil tábhacht ar leith le hionchur agus le tionchar an duine aonair. Mar sin de, tá sé le ciall nach lenár saol pearsanta amháin a bhaineann an spioradáltacht ach go bhfuil sí fite fuaite san obair a dhéanann muid sa phobal fosta. Is minic i mo shaol pearsanta agus poiblí féin a iarraim ar dhaoine paidir a rá domh agus is minic a deir siadsan a mhacasamhail céanna liom má bhíonn deacracht éigin acu. Caithfear iarracht a dhéanamh fosta dea-shampla a thabhairt san obair a dhéanann muid agus sa dearcadh a chuireann muid chun cinn san obair sin agus é sin a dhéanamh ar bhealach a thagann le teagasc Dé.

Creidim, i ndeireadh na dála, gur bua agus suáilce eile ó Dhia í an teanga agus an traidisiún a bhaineann léi. Tá muid ag ligean ár gcuid maidí le sruth, ámh, i dtaca le go leor de shuáilcí Dé ar na saolta seo. Ní hamháin go bhfuil cuid mhór den dúchas teanga a fuair muid ónár muintir caillte againn ach tá an cultúr saolta atá thart orainn imithe i bhfeidhm orainn, cultúr atá beag beann ar ár ndúchas teanga agus ar ár ndúchas creidimh araon.

Mar fhocal scoir, san fhorbairt pobail, bíonn béim á cur ar chomhar pobail agus ar chomhar na gcomharsan. Beidh ‘comhar na gcomharsan’ uainn chun próiseas tábhachtach seo na pleanála teanga a chur i bhfeidhm i gceart. Tá tábhacht ar leith leis seo go háirithe i gcás na hóige mar is iadsan tuismitheoirí, múinteoirí agus ceannairí pobail an lae amárach. Beidh tacaíocht ó na húdaráis stáit riachtanach chomh maith chun ár gcuid spriocanna a bhaint amach. Mar sin féin, ní bhainfear aon ní dúshlánach amach in éagmais chomhar Dé agus Mhuire araon. In am an ghátair, is é an nath is mó a úsáidtear fán taobh seo tíre ná ‘Tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige’, is é sin, le tacaíocht agus le comhar na beirte sin le chéile go n-éireoidh linn achan deacracht a shárú!